Iósua 22:5An Bíobla Naofa 1981Féachaigí chuige le barr cúraim go gcomhlíonfaidh sibh na haitheanta agus an dlí a thug Maois, óglach an Tiarna, daoibh; bíodh grá agaibh don Tiarna, bhur nDia, leanaigí ar a chosáin i gcónaí, comhlíonaigí a aitheanta, bígí dílis dó agus déanaigí seirbhís dó ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán.” Féach an chaibidil |
Ansin dúirt sé: “Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d'imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.”
Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”