Ansín d'fhág Píneachás sagart, mac Eileázár, agus na ceannairí slán ag clann Reúbaen agus ag clann Ghád agus d'fhill ó thír Ghileád ar thír Chanán agus ar chlann Iosrael agus thug tuairisc dóibh.
Ansin dúirt Píneachás mac Eileázár sagart le clann Reúbaen, clann Ghád, agus clann Mhanaise: “Tá a fhios againn go dianmhaith anois go bhfuil an Tiarna inár measc, mar ní dhearna sibh an feall seo ar an Tiarna; tá clann Iosrael, más ea, fuascailte agaibh ó láimh an Tiarna.”
Thaitin an tuairisc seo le clann Iosrael, agus ghabh siad buíochas leis an Tiarna, agus bhí deireadh acu le caint ar chogadh a chur orthu, agus ar an tír inar chuir clann Reúbaen agus clann Ghád fúthu a chreachadh.