Dúirt sé leo: “Tá gach ní a d'ordaigh Maois, óglach an Tiarna, daoibh curtha i gcrích agaibh; agus gach aon ordú a thug mise daoibh, thug sibh cluas do mo ghlór maidir leo.
Tá suaimhneas tugtha ag an Tiarna, bhur nDia, do bhur mbráithre mar a gheall sé dóibh. Filligí dá bhrí sin agus ar ais abhaile libh mar a bhfuil bhur dtailte, na tailte a thug Maois, óglach an Tiarna, mar shealúchas daoibh lastall den Iordáin.