Iósua 22:25An Bíobla Naofa 1981Nach ndearna an Tiarna teorainn den Iordáin idir sinne agus sibhse, a chlann Reúbaen agus a chlann Ghád? Níl cuid agaibh sa Tiarna.’ Ar an gcaoi sin d'fhéadfadh bhur gclannsa a chosc ar ár gclann-na seirbhís a thabhairt don Tiarna. Féach an chaibidil |
Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí: “Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael! Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!” Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna.
ach le bheith ina finné, idir sinne agus sibhse agus idir ár sliocht inár ndiaidh, go dtugaimid seirbhís don Tiarna lenár n‑íobairtí uileloiscthe agus ár n‑abhlanna agus ár n‑íobairtí comaoineach ina láthair, le heagla go mba fhéidir le bhur gclannsa a rá lenár gclann-na: “Níl cuid agaibh sa Tiarna.’ ”
Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’