Iósua 22:11An Bíobla Naofa 1981Fuair na hIosraelaigh gaoth an fhocail faoi seo: “Féach,” a deirtí, “thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ar theorainn thír Chanán, in aice na gciorcal cloch ag an Iordáin, ar thaobh thailte na nIosraelach.” Féach an chaibidil |
An amhlaidh go bhfuil bhur bhfearann truaillithe? Tagaigí anall, más ea, go fearann an Tiarna mar a bhfuil Both an Tiarna ina seasamh anois, agus faighigí oidhreacht daoibh féin inár measc; ach ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna, agus ná déanaigí lucht ceannairce dínne chomh maith, le haltóir a thógáil daoibh féin seachas altóir an Tiarna ár nDia.