Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 21:7

An Bíobla Naofa 1981

Fuair clann Mharáraí ar cranna, fine ar fhine, dhá chathair déag de threibh Reúbaen, Ghád agus Zabúlun.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Don chuid eile de na Maráraígh, tugadh as treibh Zabúlun, Rimeonó lena thalamh féaraigh, Tábór lena thalamh féaraigh;

agus thar Iordáin ag Ireachó, lastoir den Iordáin, as treibh Reúbaen: Beizir san fhásach lena thalamh féaraigh, Iahzá lena thalamh féaraigh,

Seo iad clann mhac Mhararaí: Mailí agus Múisí. Sin iad sliocht Léiví de réir a nginealach.

Clann Mharáraí de réir fine: Mailí agus Múisí. Sin iad sleachta Léiví de réir a dteaghlaigh shinsireachta.

Fuair clann Ghéirseon ar cranna, fine ar fhine, trí chathair déag ó threibheanna Íosácár, Áiséar, Naftáilí agus an leath de threibh Mhanaise a chuir faoi i mBáiseán.

Thug clann Iosrael na cathracha seo agus an talamh féaraigh a ghabh leo do na Léivítigh faoi mar a d'ordaigh an Tiarna trí bhéal Mhaois.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí