agus dúirt: “A Thiarna, Dia Iosrael, níl aon Dia cosúil leatsa ar neamh thuas, ná ar talamh thíos; tá tú dílis do do chonradh agus buanghrách le do shearbhóntaí nuair a chloíonn siad le do bhealaí le hiomlán a gcroí.
Fuair tú dílis ó chroí os do chomhair é; Rinne tú conradh leis Go dtabharfa dó tír an Chanánaigh, An Hivigh agus an Amóraigh, An Phirizigh, an Iabúsaigh, an Ghiorgáisigh, Dó féin agus dá shliocht. Chomhlíon tú do ghealltanas, Óir is cóir é thú.
Ní duine é Dia go n‑inseodh sé bréag, ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne. An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh, a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?
Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.