Ghabh a talamh féaraigh máguaird le gach cathair díobhsan; mar sin a bhí ag gach cathair díobh.
Ba é an líon cathracha i gcríocha chlann Iosrael a bronnadh ar na Léivítigh, ocht gcathair agus daichead lena dtalamh féaraigh.
Ar an gcaoi sin bhronn an Tiarna ar Iosrael an talamh go léir a mhionnaigh sé dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh; ghabhadar seilbh air agus chuireadar fúthu ann.