Dúirt rí Iosrael lena oifigigh: “An bhfuil a fhios agaibh go mbaineann Rámot Gileád linne? Ach mar sin féin ní chuirimid cor asainn chun é bhaint as lámha rí Arám.”
...mac Gheibir i Rámót Gileád; ba leis bailte Iáir mac Mhanaise atá i nGileád; agus ba leis dúiche Argob atá i mBáiseán, trí fichid cathair dhaingean le ballaí agus boltaí práis.
Lastall den Iordáin, lastoir sall ó Ireachó, san fhásach ar an ardchlár, roghnaíodar Beizir le treibh Reúbaen, agus Rámót Gileád le treibh Ghád, agus Golán i mBáiseán le treibh Mhanaise.