Dá réir sin de bharr ordú an Tiarna, thug clann Iosrael na cathracha seo inár ndiaidh agus an talamh féaraigh a ghabh leo do na Léivítigh as a n‑oidhreacht.
Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaire agus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta. Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacób agus scaoileadh orthu in Iosrael.
Bhíodarsan ag Sileo i dtír Chanán. Dúirt siad leo: “D'ordaigh an Tiarna trí Mhaois cathracha a thabhairt dúinn le cónaí iontu, agus an talamh timpeall orthu mar fhéarach dár n‑eallach.”
Caitheadh cranna ar son chuid finí na gCohátach. Thit trí chathair déag de chuid treibheanna Iúdá, Shimeon, agus Bhiniáimin leis na Léivítigh a chin ó chlann Árón an sagart.