Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaire agus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta. Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacób agus scaoileadh orthu in Iosrael.
Maidir leis na cathracha a thabharfaidh sibh do na Léivítigh as sealúchas chlann Iosrael, ón muintir ag a bhfuil breis tugaigí breis, agus ón muintir ag a bhfuil níos lú, tugaigí níos lú. Tugadh gach duine cathracha dá chuid do na Léivítigh de réir méid na hoidhreachta a fuair sé féin.”
Seo iad na tailte a fuair clann Iosrael mar oidhreacht i dtír Chanán de réir mar a roinneadh orthu ag Eileázár an sagart agus Iósua mac Nún agus cinn finí chlann Iosrael.
Thángadar seo go dtí Eileázár an sagart agus go dtí Iósua mac Nún agus na ceannairí. “D'ordaigh an Tiarna do Mhaois,” ar siad, “oidhreacht a thabhairt dúinn i measc ár mbráithre.” Tugadh oidhreacht dóibh dá bhrí sin i measc bráithre a n‑athar de réir mar a d'ordaigh an Tiarna.
Sin iad na hoidhreachtaí a rinne Eileázár sagart, Iósua mac Nún, agus ceann gach fine a dháileadh ar cranna ar na treibheanna i Sileo i láthair an Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála. B'shin é an clabhsúr acu ar roinnt na críche.