Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 20:9

An Bíobla Naofa 1981

Sin iad na cathracha a cuireadh i leataobh do mhuintir Iosrael go léir, agus don deoraí ina chónaí ina measc, mar a bhféadfadh an marfóir tearmann a fhail, an té is é sin a mharaigh a chomharsa go ciniúnach; agus a anam a bhreith leis ón díoltach fola go seasfadh sé a thriail os comhair an chomhthionóil.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Na cathracha seo a thabharfaidh sibh, bídís ina sé cathracha tearmainn.

Beidh na sé cathracha seo mar thearmann ag clann Iosrael agus ag an gcoimhthíoch agus ag an deoraí atá ag cur faoi ina measc, i dtreo gur féidir don té a dhéanann marú cinniúnach teitheadh iontu.

Ní miste don mharfóir teitheadh go dtí ceann de na cathracha seo; seasadh sé ag an mbealach isteach trí gheata na cathrach agus míníodh sé a chás do sheanóirí na háite. Tabharfaidh siad isteach sa chathair ansin é agus tabharfaidh siad áit chónaithe dó ina measc.

Fanadh an marfóir sa chathair sin nó go seasa sé a thriail os comhair an chomhthionóil, go bhfaighe an t‑ardsagart in oifig bás; tá cead ansin ag an marfóir filleadh ar a chathair féin agus ar a bhaile féin, ar an gcathair as ar theith sé.’ ”

Lastall den Iordáin, lastoir sall ó Ireachó, san fhásach ar an ardchlár, roghnaíodar Beizir le treibh Reúbaen, agus Rámót Gileád le treibh Ghád, agus Golán i mBáiseán le treibh Mhanaise.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí