Ar na cathracha a thabharfaidh sibh do na Léivítigh, beidh sé chathair thearmainn, mar a gceadóidh sibh don lámh dhearg teitheadh; agus ina dteannta tugaigí dhá chathair agus daichead eile.
ar choinníoll go gcoimeádfaidh tú na haitheanta go léir a ordaím duit inniu le barr cáiréise, ag tabhairt grá don Tiarna do Dhia, agus ag leanúint de shíor ar a bhealaí - ansin cuir trí chathair eile leis na trí cinn sin.
Tugadh cuid i measc chlann Iúdá, de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Iósua, do Chálaeb mac Iafuna .i. Ciriat Arba, príomhchathair na nAnacaím (.i. Heabrón anois).
Lastall den Iordáin, lastoir sall ó Ireachó, san fhásach ar an ardchlár, roghnaíodar Beizir le treibh Reúbaen, agus Rámót Gileád le treibh Ghád, agus Golán i mBáiseán le treibh Mhanaise.
Thugadar do chlann Árón, an sagart, Heabrón, cathair thearmainn do mharfóirí, agus an talamh féaraigh ina thimpeall; thugadar freisin Libneá lena thalamh féaraigh,
De threibh Naftáilí, Ceidis, an chathair thearmainn don mharfóir sa Gailíl, lena thalamh féaraigh, Hamat Dór lena thalamh féaraigh, agus Cartán lena thalamh féaraigh - trí cathracha.
Chuir Iósua tionól ar threibheanna uile Iosrael go Seicim, agus ghair sé chuige seanóirí agus taoisigh agus breithiúna agus feidhmeannaigh Iosrael, agus tháinig siad i láthair Dé.