Má bhíonn an díoltach fola sa tóir air, ná tugaidís an marfóir ar láimh dó, mar gur mharaigh sé a chomharsa trí thaisme, gan aon fhaltanas a bheith aige leis roimhe sin.
“Labhair le clann Iosrael agus abair: Má pheacaíonn aon duine le barr neamhaire in aghaidh aon cheann d'aitheanta an Tiarna agus ceann de na nithe a choisc sé a dhéanamh, sa chás sin:
Bíodh na cathracha seo mar thearmannn agaibh ón díoltach fola i dtreo nach mbásófaí an marfóir gan é thabhairt chun breithe os comhair an chomhthionóil.
agus an marfóir a shaoradh ar an gcuma sin ó láimh an díoltach fola. Cuirfidh an comhthionól ar ais é go dtí an chathair thearmainn mar ar theith sé; fanadh sé ansiúd go bhfaighe an t‑ardsagart a ungadh leis an ola choisricthe bás.