Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 20:4

An Bíobla Naofa 1981

Ní miste don mharfóir teitheadh go dtí ceann de na cathracha seo; seasadh sé ag an mbealach isteach trí gheata na cathrach agus míníodh sé a chás do sheanóirí na háite. Tabharfaidh siad isteach sa chathair ansin é agus tabharfaidh siad áit chónaithe dó ina measc.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Nuair a ghabh mé amach go geata na cathrach, Nuair a shuigh mé in áit an mhargaidh,

“Is fada a bheidh an conách óna chlann; brúfar sa gheata iad, gan fear a dtarrthála.

Ná sciob mé chun siúil leis na peacaigh ná m'anam le lucht doirte fola;

Bíonn a fear céile faoi dhea-mheas ag geataí na cathrach, nuair a shuíonn sé i gcomhluadar sheanóirí na tíre.

Ach chuala Eibid Meilic an tAetóipeach, duine de na coillteáin a bhí i bpálás an rí, gur chuir siad Irimia sa tobar. Nuair a bhí an rí ina shuí i nGeata Bhiniáimin,

Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.

‘Ainmnígí na cathracha tearmainn ar ar labhair mé libh trí Mhaois; cathracha inar féidir le marfóir a dhéanann marú gan bheartú nó trí thaisme dídean a fháil; beidh na cathracha seo mar thearmann agaibh ón díoltach fola.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí