Ardtráthnóna agus Dáiví ag spaisteoireacht ar dhíon an pháláis tar éis éirí óna leaba dó, tharla go bhfaca sé ón díon bean a bhí á folcadh féin. Bhí an bhean an-dathúil.
Nár insíodh do mo thiarna céard a rinne mé nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, conas mar a chuir mé céad duine d'fháithe an Tiarna i bhfolach, leathchéad díobh sa turas, agus a bheathaigh mé iad le harán agus le huisce.
Nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, rug Obaidiá céad fáidh leis agus chuir i bhfolach iad, leathchéad díobh sa turas, agus bheathaigh sé iad le harán agus le huisce.
Ach Iahóiseaba, iníon an rí Iahórám, deirfiúr Achaizíá, sciob sí léi Ióáis, mac Achaizíá, faoi rún ó lár na mac rí a bhí á marú; chuir sí é féin agus a bhanaltra i bhfolach ó Atailiá sa suanlios, agus níor maraíodh é.
D'ordaigh an rí don phrionsa Iaramael agus do Sharáiá mac Aisriéil agus do Shealaimiá mac Aibdeal, Barúch an scríobhaí agus an fáidh Irimia a ghabháil. Ach d'fholaigh an Tiarna iad.
Trí chreideamh choimeád a thuismitheoirí Maois i bhfolach ar feadh trí mhí nuair a rugadh é. Óir chonaic siad gur bhreá an leanbh é agus níorbh eagal leo ordú an rí.
Ba é an dála céanna é ag Rácháb an mheirdreach, nach trí dhea-oibreacha a fíréanaíodh í nuair a ghlac sí leis na teachtairí agus gur sheol amach iad ar mhalairt bealaigh?
agus nuair a bhí an geata le dúnadh le titim na hoíche, d'imíodar leo amach. Ní fheadar cár ghabh na fir; téigí sa tóir orthu go tapa mar béarfaidh sibh orthu.”
Ach Rácháb an striapach, agus líon tí a hathar, agus gach ar bhain léi, thug Iósua anacal anama dóibh agus tá cónaí uirthi in Iosrael go dtí an lá inniu féin, mar gur fholaigh sí na teachtairí a sheol an Tiarna chun Ireachó a bhrath.