Ansin chuir rí Ireachó scéal go Rácháb á rá: “Tabhair amach na fir a tháinig chugat, agus a chuaigh i do theach isteach, mar is chun an tír go léir a bhrath a thángadar.”
Timpeall ráithe ina dhiaidh sin dúradh le Iúdá: “Rinne do bhean mhic, Támár, striapachas; sea agus tá sí trom de bharr a striapachais.” Dúirt Iúdá: “Tugtar amach í agus loisctear í!”
dúirt na taoisigh Amónacha le Hánún a máistir: “An dóigh leat gur d'fhonn onóir a thabhairt do d'athair atá teachtairí comhbhróin á gcur ag Dáiví chugat? A mhalairt, nach bhfuil a sheirbhísigh curtha ag Dáiví chugat chun an chathair a bhrath, a spíonadh agus a scrios?”
Tháinig searbhóntaí Aibseálóm chun na mná sa teach: “Cá bhfuil Aichímeáz agus Iónátán?” ar siad. D'fhreagair an bhean: “D'imíodar leo ar aghaidh i dtreo an uisce.” Rinne siad cuardach dóibh ach nuair nach bhfuair siad iad d'fhill siad ar Iarúsailéim.
dúirt ceannairí na nAmónach le Hánún: “An dóigh leat gur d'fhonn onóir a thabhairt do d'athair atá teachtairí comhbhróin á gcur ag Dáiví chugat? A mhalairt, nach bhfuil a sheirbhísigh curtha ag Dáiví chugat chun an chathair a bhrath, a scrios, agus a spíonadh?”
“Tabhair an té a rinne an mallú lasmuigh den champa; leagadh gach duine a chuala é a lámh ar a cheann, agus gabhadh an comhthionól go léir de chlocha ann.
agus tar éis dó é a ghabháil, chuir sé i bpríosún é agus d'fhág ceithre scuaid saighdiúirí á choimeád agus é de rún aige é a thabhairt os comhair an phobail tar éis na Cásca.
An oíche sula raibh Héaród chun é a thabhairt os comhair an phobail, bhí Peadar ina chodladh idir beirt shaighdiúirí agus dhá shlabhra faoi agus bhí garda os comhair an gheata ag faire an phríosúin.
Ach bhí an bheirt glactha chuici ag an mbean agus ceilte aici; dúirt sí dá bhrí sin: “Sea, tháinig fir chugam go deimhin, ach níorbh eol dom cárbh as dóibh