Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 2:24

An Bíobla Naofa 1981

Dúradar le Iósua: “Tá an tír go léir tabhartha faoinár láimh ag an Tiarna, agus tá ballchrith ar a gcónaíonn ann le heagla romhainn.”

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Tháinig suaitheadh ar phrionsaí Eadóm; bhí greim ag an gcreathán ar cheannairí Mhóáb; d'imigh leá ar áithritheoirí Chanán go léir.

Is iad na teorainneacha a leagfaidh mé síos duit: ó Mhuir na nGiolach go Muir na bhFilistíneach, agus ón bhfásach go dtí an Abhainn; cuirfidh mé lucht áitrithe na tíre faoi bhur láimh agus tiomáinfidh sibh romhaibh amach iad.

Is cuma nó fionnuaire sneachta fómhair an teachtaire a bhíonn dílis do lucht a sheolta; cuireann sé misneach i gcroí a mháistir.

Leabhar seo an dlí, ná fágadh sé do bhéal ach déan do mhachnamh air de lá agus d'oíche, le go ndéanfaidh tú go beacht de réir gach a bhfuil scríofa ann, óir is mar sin a chuirfidh tú an rath ar do ród agus a bheidh an t‑ádh i do bhóthar.

Ansin tháinig an bheirt anuas ó na sléibhte agus anall thar abhainn leo agus thángadar go Iósua mac Nún agus d'insíodar dó gach ar tharla dóibh.

Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.

Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Anois tá Ireachó agus a rí agus a ghaiscígh mhóra á dtabhairt ar láimh agam duit.

Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat. Beir leat na fir chogaidh go léir agus suas leat go Háí. Seo é rí Háí agus a mhuintir agus a chathair agus a fhearann curtha faoi do láimh agam.

D'fhreagair an Tiarna: “Bíodh Iúdá ar an gcéad duine a rachaidh suas; féach tá an tír tugtha ar láimh agam dó.”

Nuair a shroichfidh sibh é, beidh pobal gan chosaint romhaibh. Tá an dúiche fairsing; níl aon ní faoin spéir in easnamh ar an áit atá curtha faoi bhur smacht ag Dia.”

I gcaitheamh na hoíche céanna dúirt an Tiarna leis: “Bí i do shuí, agus síos leat go dtí an longfort, mar thug mé ar láimh duit é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí