Chuireadar chun siúil agus suas leo faoi na sléibhte, agus d'fhanadar ansiúd trí lá go dtí gur fhill an tóir tar éis dóibh an dúiche go léir a chuardach ach gan iad a fháil.
Tháinig searbhóntaí Aibseálóm chun na mná sa teach: “Cá bhfuil Aichímeáz agus Iónátán?” ar siad. D'fhreagair an bhean: “D'imíodar leo ar aghaidh i dtreo an uisce.” Rinne siad cuardach dóibh ach nuair nach bhfuair siad iad d'fhill siad ar Iarúsailéim.