Amhrán Oilithreach. Le Solamh. 1 Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála. Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint, is díomhaoin don gharda bheith á faire.
Sheol Iósua mac Nún beirt fhear faoi choim ó Shitim mar spiairí á rá leo: “Ar aghaidh libh, breathnaígí an dúiche, go háirithe Ireachó.” Ar aghaidh leo agus chuadar isteach i dteach striapaí darbh ainm Rácháb, agus chuireadar fúthu ann.
Ansin chuir rí Ireachó scéal go Rácháb á rá: “Tabhair amach na fir a tháinig chugat, agus a chuaigh i do theach isteach, mar is chun an tír go léir a bhrath a thángadar.”
Sheol muintir Dhán cúigear laoch as a dtreibh go léir, ó Zorá go Eisteáól, chun an tír a thaiscéaladh agus a thuairisc a fháil. Dúradar leo: “Imígí agus faighigí tuairisc na tíre!” Tháinig an cúigear go hardáin Eafráim agus go teach Mhíceá agus chaitheadar an oíche ann.