Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 2:16

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sí leo: “Suas libh faoi na sléibhte chun éalú ón tóir atá oraibh. Téigí i bhfolach ar feadh trí lá go bhfillfidh an tóir agus ansin imígí libh.”

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví. Leis an Tiarna a fuair mé dídean; cén chaoi a déarfaidh sibh le m'anam: “Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.”

Ba é an dála céanna é ag Rácháb an mheirdreach, nach trí dhea-oibreacha a fíréanaíodh í nuair a ghlac sí leis na teachtairí agus gur sheol amach iad ar mhalairt bealaigh?

Ansin lig Rácháb síos iad ar théad ón bhfuinneog mar bhí an teach buailte le balla na cathrach ach í ina conaí laistigh den bhalla.

Chuireadar chun siúil agus suas leo faoi na sléibhte, agus d'fhanadar ansiúd trí lá go dtí gur fhill an tóir tar éis dóibh an dúiche go léir a chuardach ach gan iad a fháil.

D'fhan Dáiví san fhásach, sna daingin, ar na sléibhte i bhfásach Zíf. Níor chuaigh aon stad ar Shól ó lá go lá, ach á chuardach, ach níor thug Dia ar láimh dó é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí