go ndéanfaidh sibh anacal ar m'athair agus ar mo mháthair, ar mo dheartháireacha agus ar mo dheirfiúracha, agus ar gach aon duine a bhaineann leo, agus go dtabharfaidh sibh slán ón mbás sinn.”
Anois dá bhrí sin, tugaigí an leabhar dom dar an Tiarna, ós rud é go raibh mise dílis cineálta libhse go mbeidh sibhse leis dílis cineálta le líon tí m'athar agus tugaigí geall cinnte dom,
Ansin d'fhreagair na fir í: “Ár n‑anam in áit bhur n‑anam, mura sceitheann tú ar an réiteach eadrainn; beimid cineálta dílis leat nuair a bhronnfaidh an Tiarna an fearann orainn.”
Chuaigh na fir óga a rinne an spiaireacht isteach agus thugadar amach Rácháb agus a hathair agus a máthair agus a deartháireacha agus gach duine a bhain léi; thugadar amach a fine go léir agus d'fhágadar iad slán folláin lasmuigh de champa Iosrael.