Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 2:10

An Bíobla Naofa 1981

Óir chualamar conas mar a thriomaigh an Tiarna uiscí Mhuir na nGiolcach romhaibh nuair a tháinig sibh as an Éigipt amach, agus cad a rinne sibh le beirt rí na nAmórach thar Iordáin thall, Síochon agus Óg; scrios sibh iad faoin mbang.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Is tú a chuir foinsí agus caisí ag brúchtaíl; is tú a dhiúg na haibhneacha tuilte.

Sheol Maois teachtairí ó Cháidéis: “Do rí Eadóm. Teachtaireacht ó do bhráthair Iosrael. Is maith is eol duit an cruatan go léir a luigh orainn;

Tugann Dia as an Éigipt amach iad; is cuma dóibh é nó adharca cama dhamh díleann.

Tugann Dia as an Éigipt amach é; is cuma dó é nó adharca cama dhamh díleann. Alpann sé conablach a naimhde, agus déanann sé mionramh dá gcnámha agus tollann iad lena shaigheada.

“Ach ní ligfeadh Síochon rí Heisbeon dúinn gabháil trína fhearann; d'fhág an Tiarna do Dhia a spiorad crua agus a chroí dána, d'fhonn é a fhágáil faoi do láimhse, rud atá fós inniu.

Chuir mé an cearnabhán chun tosaigh oraibh a ruaig an dá rí Amóracha romhaibh amach; níorbh é do chlaíomh ná do bhogha a rinne é sin.

Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.

agus ar a ndearna sé leis an mbeirt rí Amórach a bhí lastall den Iordáin, Síochon rí Heisbeon agus Óg rí Bháiseán a bhí ag cur faoi in Aisteárót.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí