Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 19:47

An Bíobla Naofa 1981

Ach chuir lucht dhúiche chlann Dhán ina n‑aghaidh, agus ghabh clann Dhán ó thuaidh dá bhrí sin agus d'ionsaíodar Leisim; ghabh siad é agus d'imir faobhar claímh air. Thóg siad seilbh ar an gcathair agus chuir fúthu inti, agus d'athraigh siad a hainm ó Leisim go Dán, i gcuimhne a sinsir, Dán.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Chuadar as sin go Gileád agus go Cáidéis i dtír na Hiteach; ansin chuadar go Dán, agus ó Dhán timpeall go Síodón.

Dúirt sé faoi Dhán: Coileán leoin é Dán, ag lingeadh ó Bháiseán.

Mé Iarcón, Racón agus an dúiche sall ó Iopa.

Sin í oidhreacht threibh chlann Dhán de réir a bhfiní, na cathracha sin lena sráidbhailte.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí