Sin í oidhreacht chlann Naftáilí de réir a bhfiní, na cathracha lena sráidbhailte.
D'aontaigh Bein Hadad leis an rí Ásá agus sheol sé lucht ceannais a airm i gcoinne cathracha Iosrael. Ghabh sé Íón agus Dán agus Ábael Béit Mácá agus Cinearót ar fad agus dúiche Naftáilí go léir.
Ar aon teorainn le hÁiséar, anoir siar, roinn amháin do Naftáilí.
Íreon, Migdeál Éil, Horaem, Béit Anát, Beit Seimis - naoi gcathair déag lena sráidbhailte.
Thit an seachtú crann ar chlann Dhán de réir a bhfiní.