Dúirt sé: “Ná bíodh lúcháir ort níos mó, a mhaighdean ar a ndearnadh éigean, a iníon Shíodóine! Dá n‑éireofá agus triall anonn go Citím; thall ansin fiú, níl scíth i ndán duit ach oiread.”
Náire agus ceann faoi ort, a Shíodón, óir seo mar a labhraíonn an tréanmhuir: “Tinneas clainne níl orm feasta, ná ní bheirim leanbh; níl clann mhac agam le tógáil ná iníonacha le hoiliúint.”
Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.
Ní raibh aon duine a thiocfadh i gcabhair ar an gcathair mar go raibh sí i bhfad ó Shíodón, gan aon bhaint aici leis na hArámaigh. Bhí sí sa ghleann a bhaineann le Béit Rachób. Rinneadar an chathair a atógáil agus chuireadar fúthu inti.