Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 18:3

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt Iósua le clann Iosrael: “An fada eile an t‑am a chuirfidh sibh amú agus gan dul isteach agus seilbh a thógáil ar an bhfearann a thug an Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, daoibh?

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Leanann an bhochtaine an lámh gan fhuaimint, ach tuilleann an lámh fhuinniúil maoin.

Bíonn an leisceoir ag tnúthán, ach ní bhíonn dada ina chomhair; ach bíonn an saothrach sáitheach.

Tá driseacha go tiubh ar chosán na leisceoirí, ach is ród réidh cosán [na ndícheallach].

Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.

An lá sin déarfar le Iarúsailéim: ‘Ná bíodh eagla ort, a Shíón; ná lagtar do lámha!

Ach nuair a chuaigh sé amach timpeall an aonú huair déag, fuair sé tuilleadh acu ann agus dúirt leo: ‘Cad a d'fhág anseo ar feadh an lae sibh agus sibh díomhaoin?’

Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”

Bíodh neart ionat agus misneach agat, mar an tír seo a mhionnaíos dá n‑aithreacha a thabharfainn dóibh, is tusa a chuirfidh é i seilbh an phobail seo mar oidhreacht.

Bhí Iósua sean agus anonn sna blianta um an dtaca seo. Dúirt an Tiarna leis: “Tá an aois agat anois agus tá tú anonn sna blianta, ach tá a lán den tír fós le gabháil.

Bhí seacht dtreibheanna fós ar chlann Iosrael a bhí gan oidhreacht a fháil.

Toghaigí triúr as gach treibh, agus déanfaidh mé iad a sheoladh síos agus suas faoin tír d'fhonn go scríobhfaidís tuairisc air le haghaidh é a roinnt agus filleadh orm.

d'fhreagraíodar: “Bímis inár suí! Téimis ina gcoinne mar tá an tír feicthe againn agus tá sé an-torthúil. Ach sibhse - cad ab áil libh ansin i bhur staic? Cuirigí chun bóthair gan mhoill agus gabhaigí seilbh ar an tír.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí