Agus rinne siad cnámha Shóil, agus cnámha a mhic Iónátán [agus cnámha na muintire a crochadh], a chur i gcríocha Bhiniáimin i Zéalá, i dtuama a athar, Cís. Rinne siad gach ar ordaigh an rí, agus ansin thug Dia cluas dá n‑achainíocha ar son na tíre.
Mháirseáil Dáiví agus a chuid fear ionsar Iarúsailéim in aghaidh na Iabúsach a bhí ina gcónaí ann. Dúirt siad seo le Dáiví: “Ní éireoidh leat teacht isteach anseo. Coinneoidh na daill agus na bacaigh amach thú.” (Sé sin le rá, ní éireoidh le Dáiví teacht isteach anseo go deo.)
Dúirt Dáiví an lá sin: “Cibé a bhuailfidh an Iabúsach agus a rachaidh an seoladán suas [gheobhaidh sé a luach saothair].” Maidir leis na daill agus na bacaigh, thug Dáiví fuath a anama dóibh. (Uaidh sin an seanfhocal: “Ní rachaidh na daill agus na bacaigh isteach sa Teampall.”)
Teithigí le bhur n‑anam a chlann Bhiniáimin as lár Iarúsailéim Séidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim! Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart, díobháil mhór.
Do threabhchas líonmhar, tabhair oidhreacht mhór; do threabhchas beag, oidhreacht bheag; bíodh an oidhreacht a thabharfar do gach treibh de réir a líon cláraithe.
Ní foláir daoibh é a roinnt ar cranna idir bhur bhfiní. D'fhine mór tugaigí oidhreacht bhreise, agus d'fhine beag oidhreacht níos lú. Mar a dtitfidh an crann, do gach duine, sin é a bheidh aige. Bíodh bhur n‑oidhreacht agaibh de réir na dtreibheanna sinseartha.
Ach níor fhéad muintir Iúdá na Iabúsaigh, lucht áitribh Iarúsailéim, a thiomáint amach; maireann na Iabúsaigh, dá réir sin, le muintir Iúdá in Iarúsailéim go dtí an lá inniu féin.
Ansin ghabh an teorainn Gleann Bhein Hiniom suas ag teacht aneas ar shlios an Iabúsaigh (.i. Iarúsailéim); chuaigh an teorainn suas go mullach an tsléibhe a threasnaíonn Gleann Hiniom, laistiar, ag imeall thuaidh Ghleann Rafáím.
Ghabh an teorainn ansin síos le taobh an tsléibhe sall ó Ghleann Bhein Hiniom, lastuaidh de mhachaire na Rafáím, ansin síos isteach i nGleann Hiniom, laisteas de ghualainn na Iabúsach síos amach go hÉan Rogael.
Ach theip ar chlann Bhiniáimin na Iabúsaigh a bhí ina gcónaí i Iarúsailéim a dhíbirt; tá na Iabúsaigh mar sin ina gcónaí le clann Bhiniáimin go dtí an lá inniu in Iarúsailéim.
Ach ní fhanfadh an fear thar oíche; d'éirigh sé agus chuir chun bóthair, agus tháinig i radharc Iabús (Iarúsailéim is é sin). Bhí dhá asal lena ndiallaití aige agus a bhean luí in éineacht leis.