Ar an taobh thuaidh, thosaigh a dteorainn ag an Iordáin, ghabh suas gualainn thuaidh Ireachó, siar in airde trí na hardáin agus stad ag fásach Bhéit Ávan.
Tá eagla a n‑anama ar mhuintir na Samáire mar gheall ar lao Bhéit Ávan. Gan amhras beidh a phobal ag mairgneach faoi, agus a chuid sagart ag rince ina thimpeall, mar go bhfuil a ghlóir imithe uaidh.
An chuid oidhreachta a fuair clann Iósaef ar cranna ghabh sí soir ón Iordáin, os comhair Ireachó sall; ghabh an teorainn ar aghaidh ó Ireachó, agus an t‑ardchlár suas go fásach Bhéitéil,
Sheol Iósua mac Nún beirt fhear faoi choim ó Shitim mar spiairí á rá leo: “Ar aghaidh libh, breathnaígí an dúiche, go háirithe Ireachó.” Ar aghaidh leo agus chuadar isteach i dteach striapaí darbh ainm Rácháb, agus chuireadar fúthu ann.
stad na huiscí uachtair go léir agus rinne meall mór díobh thar réimse mhór ó Adám, cathair atá lámh le Záratán; agus iad siúd a shníonn síos i dtreo Mhuir an Arabá, Muir an tSalainn sé sin, scaradh ar fad óna bhfoinsí iad. Ghabh an pobal thar abhainn os comhair Ireachó.
Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: “Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.” Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath.
Thionóil na Filistínigh tríocha míle carbad, sé mhíle marcach, agus slua chomh líonmhar le gaineamh na trá chun troda in aghaidh Iosrael. Thángadar aníos agus shuíodar a gcampa i Micmeáis lastoir de Bhéit Ávan.