Thit a roinn féin le treibh Bhiniáimin de réir finí, agus tharla gur idir treibh Iúdá agus treibh Iósaef a bhí an roinn talún a thit leo.
Clann Ráchael: Iósaef agus Biniáimin.
Rinne sé rí de ar Ghileád, ar na hAisiúraigh, ar Izréil, ar Eafráim agus ar Bhiniáimin agus ar Iosrael go léir.
“Seo iad na treibheanna: anoir siar, roinn amháin do Bhiniáimin.
“Má chluineann tú go bhfuil, i gceann de na cathracha a thug an Tiarna do Dhia duit le cónaí iontu,
Chuir Iósua ar cranna dóibh é i láthair an Tiarna i Sileo, agus roinn sé an talamh ansiúd ar chlann Iosrael, a chion féin do gach dream díobh.
Ar an taobh thuaidh, thosaigh a dteorainn ag an Iordáin, ghabh suas gualainn thuaidh Ireachó, siar in airde trí na hardáin agus stad ag fásach Bhéit Ávan.