Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 17:6

An Bíobla Naofa 1981

mar go bhfuair iníonacha Mhanaise oidhreacht chomh maith lena mhic. Leis an gcuid eile de chlann mhac Mhanaise dúiche Ghileád.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Ar aon teorainn le Naftáilí, anoir siar, roinn amháin do Mhanaise.

(Do leath-threibh Mhanaise.) Thug Maois oidhreacht de réir a bhfiní do leath-threibh Mhanaise.

Shín a bhfearann ó Mhachanaím thar Bháiseán go léir, ríocht Óg rí Bháiseán go léir; coilíneachtaí uile Iáír i mBáiseán, trí fichid cathair.

Tugadh leath Ghileád, Aistearót, Eidreí, agus cathrachta ríoga Óg i mBáiseán do Mhácaír mac Mhanaise, do leath-chlann Mhácaír de réir a bhfiní.

Ar an tslí sin fuair Manaise deich ranna seachas dúiche Ghileád agus Báiseán lastall den Iordáin,

Ar thaobh Áiséar ba é Micmeatát os comhair Sheicim teorainn Mhanaise; ghabh sí ó dheas ansin go Iaisíb ag tobar Thapúach.

Bhí tailte i mBáiseán tugtha ag Maois do leath-threibh Mhanaise; don leath eile thug Iósua tailte eile i measc a mbráithre ar bhruach thiar na Iordáine. Nuair a bhí Iósua á seoladh abhaile, chuir sé a bheannacht orthu




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí