Ba iad a dtailte agus a n‑áitribh: Béitéil agus a bhailte máguaird, Nárán lastoir, Geizir agus a bhailte máguaird laistiar, Seicim agus a bhailte máguaird, Aiá agus a bhailte máguaird.
Chuir an Tiarna i raon maidhme iad roimh chlann Iosrael agus rinneadar ár agus eirleach orthu i nGibeón. Chuir an Tiarna tóir orthu ar feadh chonaire Bhéit Horon agus bhí á gciapadh chomh fada le hAzaecá agus Macaedá.
Ghabh an teorainn ó dheas as sin i dtreo Lúz, go slios Lúz - Béitéil anois - ansin síos go Atarót Adár ar an sliabh laisteas de Bhéit Horon Íochtarach.