Aisdeod lena bhailte agus a shráidbhailte máguaird. Gazá lena bhailte agus a shráidbhailte máguaird chomh fada le sileán na hÉigipte; an Fharraige Mhór an teorainn.
Óir bhí sé i gceannas ar an dúiche go léir laistiar den Eofrataes, ar na ríthe go léir laistiar den Eofrataes, ó Thifseá go Gazá, agus bhí síocháin aige ar gach teorainn máguaird.
Ghabh sé amach le cogadh a chur ar na Filistínigh, agus leag sé anuas balla Ghat, agus balla Iaibne, agus balla Aisdeod, agus ansin d'atóg sé cathracha i ndúiche Aisdeod agus i gcríocha na bhFilistíneach.
Is iad na teorainneacha a leagfaidh mé síos duit: ó Mhuir na nGiolach go Muir na bhFilistíneach, agus ón bhfásach go dtí an Abhainn; cuirfidh mé lucht áitrithe na tíre faoi bhur láimh agus tiomáinfidh sibh romhaibh amach iad.
Labhair aingeal an Tiarna le Pilib: “Éirigh,” ar seisean, “agus gluais leat ó dheas an bóthar a ghabhann ó Iarúsailéim go Gazá; sin é bóthar an fhásaigh.”
Ba é an scéal céanna é leis na hÁivím a bhí ag cur fúthu i mbailte an tslí go léir go Gazá; tháinig na Caftoraím ó Chaftor, agus rinneadar iad a dhíothú agus cur fúthu ina n‑áit.)
Áirítear mar fhearann Canánach ó Shíochór atá lastoir den Éigipt ó tfhuaidh go teorainn Eacrón: (tá cúigear taoiseach ar na Filistínigh, taoiseach ag Gazá, ag Aisdeod, ag Aiscileon, ag Gat, agus ag Eacrón. Tá na Havaím
ghabh ar aghaidh thar Azmón, tháinig amach ag sileán na hÉigipte, agus shroich ceann cúrsa ag an bhfarraige. Sin é a bheidh agaibh mar theorainn theas.