Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 15:19

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair sise: “Tabhair bronntanas dom; ós rud é gur dhíbir tú mé go dtí an fásach, an Neigib, tabhair dom toibreacha éigin uisce.” Agus thug Cálaeb na toibreacha uachtaracha agus na toibreacha íochtaracha di.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Agus bhog Abrám leis ag dul i dtreo an Neigib i gcónaí.

Glac leis an mbronntanas a thug mé chugat dá bhrí sin; bhí Dia fial liom agus tá mo dhóthain agam.” D'áitigh sé air sa tslí sin agus ghlac sé leis.

Mheas mé dá bhrí sin nár mhór dom a iarraidh ar na bráithre dul ag triall oraibh romham agus an deontas a bhí geallta agaibh a eagrú roimh ré i dtreo go mbeadh sé réidh i mo chomhair agus é ina dheontas fial in áit a bheith ina ainchíos.

Dúirt sé mar leanas faoi Iúdá: Éist, a Thiarna, le glor Iúdá, agus beir ar ais chun a mhuintire é, go gcosnaí a lámha a chearta, agus go dtaga i gcabhair air in aghaidh a naimhde.

Nuair a tháinig sí go dtí a fear, ghriog seisean í chun gort a iarraidh ar a hathair. Phreab sí dá hasal agus d'fhiafraigh Cálaeb di: “Cad tá uait?”

Ba é sin oidhreacht threibh chlann Iúdá de réir a bhfiní.

Maidir leis an mbronntanas atá á thabhairt ag do bhanóglach go dtí mo thiarna, tugtar é do na hógánaigh, lucht leanúna mo thiarna féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí