Ghabh sé suas as sin in aghaidh lucht áitribh Dheibír, ar a dtugtaí Ciriat Saefar tráth.
Ansin chuir Adonaízidic rí Iarúsailéim scéala chun Hóhám rí Heabrón, Pireám rí Iarmút, Iáfia rí Láicís agus Deibír rí Eaglón.
Ansin chas Iósua i leataobh in aghaidh Dheibír, agus sluaite Iosrael go léir fairis, agus d'ionsaigh sé í.
Dúirt Cálaeb ansin: “Tabharfaidh mé m'iníon Acsá mar bhean don té a chloífidh agus a ghabhfaidh Ciriat Saefar.”