Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 15:1

An Bíobla Naofa 1981

An chuid a fuair treibh chlann Iúdá de réir a bhfiní, shín sé ó dheas go teorainn Eadóm, ó fhásach Zin go Cáidéis siar ó dheas.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Dáréag mac a bhí ag Iacób. Seo iad clann Léá: Reúbaen, céadghin Iacóib, ansin Simeon agus Léiví, agus Iúdá, agus Íosácár, agus Zabúlun.

An lá céanna rinne an rí an chúirt mheánach os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; mar d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann, agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach a choinneáil.

Ar an taobh theas ó Thámár ó dheas go huiscí Mhiríbeá Caidéis, fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór. Sin é an teorainn theas.

Ar aon teorainn le Reúbaen, anoir siar, roinn amháin do Iúdá.

Ghlaomar chun an Tiarna; d'éist sé linn agus chuir sé aingeal chugainn chun sinn a thabhairt amach as an Éigipt. Táimid anois i gCáidéis, cathair ar imeall do chríche.

ó Iarúsailéim, ó Idiúmáia, ón taobh thall den Iordáin, agus ó thimpeall na Tuíre agus na Síodóine, tháinig slua mór chuige, nuair a chuala siad a raibh á dhéanamh aige.

Óir rinne sibh feall ar iontaoibh liom i measc chlann Iosrael an uair úd ag Miríbeat Cáidéis, i bhfásach Zin; mar níor thaispeáin sibh mo naofacht i measc chlann Iosrael.

Rinneadh an roinnt don naoi dtreibh go leith ar cranna mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Thosaigh a dteorainn theas ó íochtar Mhuir an tSalainn, ag an mbá a bhfuil a aghaidh ó dheas, agus

Ní foláir daoibh an talamh a roinnt ina seacht ranna agus Iúdá ag fanacht ina dhúiche féin theas agus teaghlach Iósaef ina dhúiche féin thuaidh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí