“Nuair a roinnfidh tú an tír mar oidhreacht trí chrannchur, cuirfidh tú roinn ar leataobh don Tiarna mar thalamh naofa, cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus [fiche] míle banlámh ar leithead. Beidh iomlán na talún seo naofa.
Ní foláir daoibh é a roinnt ar cranna idir bhur bhfiní. D'fhine mór tugaigí oidhreacht bhreise, agus d'fhine beag oidhreacht níos lú. Mar a dtitfidh an crann, do gach duine, sin é a bheidh aige. Bíodh bhur n‑oidhreacht agaibh de réir na dtreibheanna sinseartha.
Ansin thug Maois ordú do chlann Iosrael á rá: “Sin é an tír atá le roinnt ar cranna agaibh, an tír a d'aithin an Tiarna a thabhairt do na naoi dtreibheanna go leith;
Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.
Ní cás duit anois dá bhrí sin an fearann seo a roinnt ar na naoi dtreibheanna agus ar leath-threibh Mhanaise. [Tabhair dóibh ón Iordáin siar chun na Farraige Móire; beidh an Fharraige Mhór mar theorainn acu.]”
Déanaigí an fearann a roinnt faoi seacht in bhur dtuarascáil agus tuairisc a thabhairt anseo chugamsa i dtreo go gcuirfinn ar cranna é anseo daoibh i láthair an Tiarna, ár nDia.