Chuaigh Dáiví ina dhiaidh sin i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé suas go ceann de chathracha Iúdá?” d'fhiafraigh sé. D'fhreagair an Tiarna é: “Téigh suas.” “Go cé acu a rachaidh mé?” d'fhiafraigh Dáiví. D'fhreagair sé: “Go Heabrón.”
agus i sráidbhailte faoin tuath ina ndúichí féin. Chuir cuid de chlann Iúdá fúthu i gCiriat Arba agus ina shráidbhailte máguaird, i nDíobón agus ina shráidbhailte máguaird, i Iacabzael agus ina shráidbhailte,
Ach is túisce liomsa ise, mo cholm gan cháim; is í is túisce lena máthair, is í rogha a buime í. Ní fhaca cailín í nár thug an chraobh di, banríon nó leannán nár mhol í:
Tugadh cuid i measc chlann Iúdá, de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Iósua, do Chálaeb mac Iafuna .i. Ciriat Arba, príomhchathair na nAnacaím (.i. Heabrón anois).