Táim chomh laidir céanna inniu agus a bhí mé an lá a sheol Maois uaidh mé; tá mo neart anois chun troda, chun dul ar eachtra agus filleadh, mar a bhí an uair ud.
Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu, éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair. Ritheann siad gan a bheith cortha, siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.
“Táim céad agus a fiche bliain d'aois inniu,” ar sé; “ní féidir dom dul agus teacht mar ba mhaith liom a thuilleadh. Tá sé ráite ag an Tiarna liom: ‘Ní rachaidh tú thar an Iordáin seo.’
Féach, choinnigh an Tiarna i mo bheatha mé ón lá úd go dtí seo, de réir mar a gheall sé. Tá cúig bliana agus daichead ann ó thug an Tiarna an gealltanas sin do Mhaois agus Iosrael fós ag taisteal tríd an bhfásach. Seo mé cúig bliana agus ceithre fichid d'aois anois.