D'fhostaigh siad tríocha dó míle carbad, agus rí Mhácá agus a chuid fear, agus tháinig siadsan agus shuigh siad a longfort os comhair Mhaedabá; maidir leis na hAmónaigh, chruinníodar le chéile as a gcathracha agus ghluaiseadar ar aghaidh chun catha.
agus i sráidbhailte faoin tuath ina ndúichí féin. Chuir cuid de chlann Iúdá fúthu i gCiriat Arba agus ina shráidbhailte máguaird, i nDíobón agus ina shráidbhailte máguaird, i Iacabzael agus ina shráidbhailte,
Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha;
Tar anuas ó do ghlóir, suigh san [aoileach], a iníon a chónaíonn i nDíobón, slán sábháilte sa bhaile; tá scriosadóir Mhóáb tagtha ort; tá do dhaingin tógtha aige.
Ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón, agus ón gcathair i dtóin an chumair, ar aghaidh go Gileád, ní raibh cathair thar ár gcumas; thug an Tiarna ár nDia iad go léir ar láimh dúinn.
“Nuair a ghabhamar seilbh ar an bhfearann seo ar aghaidh ó Aroéir i nGleann Arnón an uair úd, thug mé do chlann Reúbaen agus do chlann Ghád leath ardchlár Ghileád lena chathracha.
Do na Reúbaenaigh agus do na Gádaigh thug mé an dúiche a shíneann ó Ghileád go dtí Gleann Arnón, agus lár an choma mar theorainn, agus chomh fada suas le habhainn an Iaboc, an teorainn le clann Amón.
Síochon rí na nAmórach a bhí ag cur faoi i Heisbeón, agus ag rialú ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón - agus com an ghleanna san áireamh - thar leath Ghileád chomh fada le habhainn an Iaboc, teorainn na nAmónach;
Fuair na Reúbaenaigh agus na Gádaigh [mar aon le leath-threibh eile Mhanaise] an oidhreacht a thug Maois óglach an Tiarna dóibh lastall den Iordáin soir amach. Bhronn Maois óglach an Tiarna orthu