Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 13:33

An Bíobla Naofa 1981

Do threibh Léiví amháin níor thug Maois aon oidhreacht; an Tiarna, Dia Iosrael, a n‑oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Ní bheidh aon oidhreacht acu; mise a n‑oidhreacht. Ní thabharfaidh sibh aon ghabháltas dóibh in Iosrael; mise a ngabháltas.

Dúirt an Tiarna le hÁrón: “Ní bheidh aon oidhreacht agat ina bhfearann, ná ní bheidh seilbh agat ar aon chuid de ina measc. Mise do chuid ranna agus d'oidhreacht i measc chlann Iosrael.

Tá Léiví dá bhrí sin gan páirt na oidhreacht lena bhráithre; an Tiarna a oidhreacht, faoi mar a gheall an Tiarna do Dhia dó.)

Treibh Léiví amháin nach bhfuair oidhreacht; (na híobairtí loiscthe do) an Tiarna Iosrael a n‑oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.

Sin mar a roinn Maois na fearainn ar bhánta Mhóáb, lastall den Iordáin os coinne Ireachó.

Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n‑oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí