Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 13:30

An Bíobla Naofa 1981

Shín a bhfearann ó Mhachanaím thar Bháiseán go léir, ríocht Óg rí Bháiseán go léir; coilíneachtaí uile Iáír i mBáiseán, trí fichid cathair.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Agus sheol Iacób teachtairí roimhe chun a dhearthár Éasau i dtír Shaeír i gcríocha Eadóm,

Ansin chasadar agus ghabhadar an bóthar i dtreo Bháiseán. Tháinig Óg rí Bháiseán amach ina n‑aghaidh lena mhuintir go léir chun cath a chur ag Eidreí.

cathracha uile an ardáin, Gileád go léir, agus Báiseán go léir chomh fada le Salacá agus Eidreí, príomhchathracha Óg i mBáiseán.

Ghabhamar a chathracha go léir an uair sin - níor fhágamar cathair dá gcuid nár ghabhamar - trí fichid cathair, dúiche uile Argob, ríocht Óg i mBáiseán.

agus ó Heisbeón go Rámat Mizpe agus Batonaím, agus ó Mhachanaím go dúiche Lidibir,

(Do leath-threibh Mhanaise.) Thug Maois oidhreacht de réir a bhfiní do leath-threibh Mhanaise.

mar go bhfuair iníonacha Mhanaise oidhreacht chomh maith lena mhic. Leis an gcuid eile de chlann mhac Mhanaise dúiche Ghileád.

De threibh Ghád, Rámot i nGileád lena thalamh féaraigh, an chathair thearmainn don mharfóir, Machanaím lena thalamh féaraigh,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí