Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 13:29

An Bíobla Naofa 1981

(Do leath-threibh Mhanaise.) Thug Maois oidhreacht de réir a bhfiní do leath-threibh Mhanaise.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Chuir sliocht leath-threibh Mhanaise fúthu sa dúiche idir Báiseán agus Bál Hearmón, Sainír agus Sliabh Hearmón. Bhíodar an-líonmhar.

Ar aon teorainn le Naftáilí, anoir siar, roinn amháin do Mhanaise.

ansin, nuair a bheidh an tír ar a láimh ag an Tiarna, ní miste sibh a fhilleadh; beidh sibh saor ó bhur ndualgas don Tiarna agus do Iosrael; agus beidh an tír seo mar sheilbh oidhreachta agaibh i láthair an Tiarna.

Thug Maois Gileád do Mháicír, mac Mhanaise, agus chuir sé faoi ann.

Do leaththreibh Mhanaise thug mé an chuid eile de Ghileád, Báiseán go léir, ríocht Óg. (Tugtar tír na Rafáím ar dhúiche Argob go léir, agus ar Bháiseán go léir.

Sin í oidhreacht chlann Ghád de réir a bhfiní, leis na cathracha agus lena mbailte máguaird.

Shín a bhfearann ó Mhachanaím thar Bháiseán go léir, ríocht Óg rí Bháiseán go léir; coilíneachtaí uile Iáír i mBáiseán, trí fichid cathair.

Ar an tslí sin fuair Manaise deich ranna seachas dúiche Ghileád agus Báiseán lastall den Iordáin,

mar go bhfuair iníonacha Mhanaise oidhreacht chomh maith lena mhic. Leis an gcuid eile de chlann mhac Mhanaise dúiche Ghileád.

Bhí tailte i mBáiseán tugtha ag Maois do leath-threibh Mhanaise; don leath eile thug Iósua tailte eile i measc a mbráithre ar bhruach thiar na Iordáine. Nuair a bhí Iósua á seoladh abhaile, chuir sé a bheannacht orthu




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí