Dúirt rí Iosrael lena oifigigh: “An bhfuil a fhios agaibh go mbaineann Rámot Gileád linne? Ach mar sin féin ní chuirimid cor asainn chun é bhaint as lámha rí Arám.”
agus sa ghleann: Béit Hárám, Béit Nimreá, Sucót, agus Záfaón, an chuid eile de ríocht Shíochon rí Heisbeón. Ba í an Iordáin an teorainn go híochtar Muir Chinearat ar an taobh thoir den Iordáin.
Lastall den Iordáin, lastoir sall ó Ireachó, san fhásach ar an ardchlár, roghnaíodar Beizir le treibh Reúbaen, agus Rámót Gileád le treibh Ghád, agus Golán i mBáiseán le treibh Mhanaise.
Chuir Iaftá chun bóthair dá bhrí sin le seanóirí Ghileád, agus cheap na daoine mar cheann agus mar cheannasaí orthu féin é; rinne Iaftá a choinníollacha go léir a aithris arís i Mizpeá i bhfianaise an Tiarna.
Tháinig spiorad an Tiarna ar Iaftá agus ghabh sé sin trí Ghileád anonn agus trí Mhanaise gur shroich sé Mizpeá i nGileád agus ghluais sé ó Mhizpeá i nGileád ar chúl na nAmónach.