Shín fearann na Reúbaenach dá réir sin go dtí an Iordáin, a theorainn. Ba í sin oidhreacht na Reúbaenach de réir a bhfiní, leis na cathracha agus a mbailte máguaird.
Seo leanas cinn a dteaghlaigh. Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael: Hanóc agus Palú agus Haezron agus Cairmi; sin iad sliocht Reúbaen.
Ar aon teorainn le hEafráim, anoir siar, roinn amháin do Reúbaen.
Maidir le Balám mac Bheór, an fear feasa, mharaigh clann Iosrael le faobhar claímh é fara an muintir eile ar a ndearnadar eirleach.
Thug Maois oidhreacht de réir a bhfiní chomh maith do threibh Ghád.