mar nuair a bhí mé i nGisiúr in Arám, thug do shearbhónta an mhóid seo: ‘Má thugann an Tiarna ar ais go Iarúsailéim mé,’ arsa mise, ‘tabharfaidh mé ómós don Tiarna i Heabrón.’ ”
Mairg daoibh, a áitritheoirí chósta na farraige, a chine na gCréiteach. (Tá briathar an Tiarna in bhur n‑aghaidh.) Ísleoidh mé thú, a dhúiche na bhFilistíneach! Millfidh mé thú sa chaoi nach bhfágfar aon áitritheoir ar bith ionat.
Ó ghabh Iáir mac Mhanaise dúiche Argob go léir ar aghaidh go teorainneacha na nGisiúrach, agus na Macátach, thug sé a ainm do na bailte sin ar a dtugfar go fóill Bailte Iáir.)
bhí sé i gceannas ar Shliabh Hearmón agus ar Shalacá agus ar Bháiseán go léir go teorainn na nGeasúrach agus na Mácátach, agus ar leath Ghileád go teorainn Shíochon rí Heisbeón.
Seo iad na ciníocha a cheadaigh an Tiarna a fhanacht sa tír d'fhonn Iosrael a thriail tríothu, iad sin go léir in Iosrael is é sin nach raibh aon taithí acu ar chogadh i gCanán.
Théadh Dáiví agus a chuid fear amach ag tabhairt fogha faoi na Gisiúraigh agus na Girzigh agus na hAmáiléicigh, mar sin iad na treabhchais a áitríonn an dúiche a shineann ó [Thealam] i dtreo Shiúr chomh fada leis an Éigipt.