agus i sráidbhailte faoin tuath ina ndúichí féin. Chuir cuid de chlann Iúdá fúthu i gCiriat Arba agus ina shráidbhailte máguaird, i nDíobón agus ina shráidbhailte máguaird, i Iacabzael agus ina shráidbhailte,
Tar anuas ó do ghlóir, suigh san [aoileach], a iníon a chónaíonn i nDíobón, slán sábháilte sa bhaile; tá scriosadóir Mhóáb tagtha ort; tá do dhaingin tógtha aige.
dá bhrí sin, gearrfaidh mé trí theorainn chnocach Mhóáb agus scriosfaidh mé na cathracha sa dúiche, ábhar mórtais na tíre, Béit Isimiot, Bál Meón agus Ciriataím.
Ba é Heisbeon príomhchathair Shíochon rí na nAmórach, an té a chuir cogadh ar chéad rí Mhóáb, agus a bhain a chríocha uile de chomh fada ó bhaile leis an Arnón.
Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n‑oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.”
Fad a bhí Iosrael ag cur fúthu i Heisbeon agus ina shráidbhailte, nó in Aroéir agus ina shráidbhailte nó in aon cheann de na cathracha ar bhruach na Iordáine (ar feadh trí chéad bliain), cad ina thaobh nár ghnóthaigh sibh na háiteanna sin ar ais i gcaitheamh an ama sin?