D'fhostaigh siad tríocha dó míle carbad, agus rí Mhácá agus a chuid fear, agus tháinig siadsan agus shuigh siad a longfort os comhair Mhaedabá; maidir leis na hAmónaigh, chruinníodar le chéile as a gcathracha agus ghluaiseadar ar aghaidh chun catha.
Ba é Heisbeon príomhchathair Shíochon rí na nAmórach, an té a chuir cogadh ar chéad rí Mhóáb, agus a bhain a chríocha uile de chomh fada ó bhaile leis an Arnón.
“Nuair a ghabhamar seilbh ar an bhfearann seo ar aghaidh ó Aroéir i nGleann Arnón an uair úd, thug mé do chlann Reúbaen agus do chlann Ghád leath ardchlár Ghileád lena chathracha.
Síochon rí na nAmórach a bhí ag cur faoi i Heisbeón, agus ag rialú ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón - agus com an ghleanna san áireamh - thar leath Ghileád chomh fada le habhainn an Iaboc, teorainn na nAmónach;
Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n‑oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.”
Fad a bhí Iosrael ag cur fúthu i Heisbeon agus ina shráidbhailte, nó in Aroéir agus ina shráidbhailte nó in aon cheann de na cathracha ar bhruach na Iordáine (ar feadh trí chéad bliain), cad ina thaobh nár ghnóthaigh sibh na háiteanna sin ar ais i gcaitheamh an ama sin?