Déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia, sibh féin, agus bhur gclann mhac agus iníonacha, bhur searbhóntaí fear agus ban, agus an Léivíteach a chónaíonn in bhur mbailte ó tá sé gan chuid gan oidhreacht in bhur measc.
Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n‑oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.”