Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 13:12

An Bíobla Naofa 1981

i mBáiseán, ríocht uile Óg a rialaigh in Aisteárót agus in Eidreí, agus arbh é iarmhar uaigneach na Rafáím é; chloígh Maois iadsan agus thiomáin as a seilbh iad.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Bhí an lámh uachtair faighte aige ar Shíochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon, agus ar Óg rí Bháiseán a chónaigh in Aisteárot agus in Eidreí.

Óg rí Bháiseán, duine d'iarmhar na Rafáím, a bhí ag cur faoi in Aisteárót agus in Eidreí;

Níor dhíbir na hIosraelaigh na Geasúraigh ná na Mácátaigh; tá Geasúr agus Mácát ina gcuid d'Iosrael go dtí an lá inniu féin.

Tugadh leath Ghileád, Aistearót, Eidreí, agus cathrachta ríoga Óg i mBáiseán do Mhácaír mac Mhanaise, do leath-chlann Mhácaír de réir a bhfiní.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí